Bun nó Barr?
NASA/JPL-Caltech/UArizona
Bun nó Barr?
ESP_035969_1825
Béarla   

twitter 
Léiríonn an íomhá seo cráitéar tuinsimh a gearradh ag laibhe i réigiún Plána Éilisiam ar Mhars. Tá an cuma ar an urlár cuíosach maol, ar uigeacht gharbh an dromchla, agus ar na scoilteanna fuaraithe (b’fhéidir) go raibh an cráitéar leathlánaithe le laibhe. Léiríonn cuid thuaisceartach na híomhá deascadh laibhesreibhe níos fairsinge a thimpeallaíonn eisteilgeáin thuinsimh an chráitéir thuinsimh is mó san íomhá.

Cén treo inar shreabh an laibhe? Is féidir go mbeadh an cuma air gur shreabh an laibhe ón tuaisceart isteach tríd an chainéal sa chráitear leathlán. Má fhéachann tú, áfach, ar an anaiglif le do spéaclaí tríthoiseacha (3D) dearga is gorma, tagann sé soiléir go bhfuil an cráitéar leathlán suite anuas ar phluid eisteilgeán an chráitéir mhóir, ionas go bhfuil sé níos airde ná an laibhesreabh ó thuaidh. Os rud é nach sreabhann laibhe suas an cnoc, ciallaíonn sé seo nach bhfuil an míniú chomh simplí sin

Tá roinnt mhaith fhianaise feicthe againn faoi laibhesreabha sa réigiún seo a shreabh chuig airdí i bhfad níos mó ná an dromchla seo, agus a thraoith ansin nó a thaosc chun siúil. Is féidir gur tharla sé seo anseo: shreabh an laibhe ón tuaisceart don deisceart chun an cráitéar a líonadh, ach ansin thaosc sí ar ais ó thuaidh, ag snoí an chainéil seo ar an mbealach.

Lig an t-eolas topagrafach breise a bhfuaireamar trí úsáid a bhaint as an steiréipéire ceist a réiteach, rud nárbh fhéidir linn a dhéanamh le haon íomhá amháin. Is eiseamláir bhreá í seo ar cén fáth a dtógaimid steiréi-íomhánna, chun gur féidir an dá íomhá a úsáid chun íomhá 3D a chruthú.

Aistriúchán: Matthew Hussey
 
Dáta faighte
30 Márta 2014

Am logánta ar Mhars
3:22 PM

Leithead
2.3°

Fad
156.8°

Fad do láithreán na targaide
273.4 km

Taifeach na híomhá
27.4 cm/pixel tá réada cearnacha timpeall 82 cm trasna léirithe

Scála na híomhá teilgthe
25 cm/pixel

Teilgean cartagrafach
Dronuilleogach (an phicsil is tá an tuaisceart thuas)

Uillinn astaithe
5.8°

Uillinn phais
58.2°

Grianuillinn
53°, agus tá an Ghrian suite 37° céim os cionn na léaslíne

Grianfhad
109.3°, Samhradh tuaisceartach

JPEG
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach
Teilgean neamhchartagrafach

IDG dath:
Teilgean cartagrafach
Teilgean neamhchartagrafach

IDG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach

DGG i gcomhar:
Teilgean neamhchartagrafach

DGG dath:
Teilgean neamhchartagrafach

JP2
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach   (989MB)

IDG dath:
Teilgean cartagrafach   (550MB)

JP2 EXTRAS
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach   (518MB)
Teilgean neamhchartagrafach   (528MB)

IDG dath:
Teilgean cartagrafach   (197MB)
Teilgean neamhchartagrafach   (439MB)

IDG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach   (226MB)

DGG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach   (218MB)

DGG dath:
Teilgean neamhchartagrafach   (423MB)
Eolas breise ar an íomhá
Lipéad dubh is bán
Dath
Lipéad IDG i gcomhar
Lipéad DGG i gcomhar


Íomhánna: Gach íomhánasc le cúltarraingt & sileadh don HiView, nó cliceáil le híoslódáil.

Polasaí Úsáide
Tá na híomhánna go léir, atá táirgthe ag NASA agus insroichte ar an láithreán seo, taobh istigh den bhfearann poiblí: níl aon teorannú ar a n-úsáid ag éinne san saol poiblí, eagraíochtaí nuachta nó eolaíochta san áireamh. Ach iarraimid an líne seo chreidiúna más féidir:
Iomhá: NASA/JPL/Ollscoil Arizona

Addendum
Is é atá i HiRESE ná an ceamara is cumhachtaí riamh a seoladh chuig pláinéad eile. Anois is féidir linn Mars a scrúdú le taifeach dochreidte, nach-bhfacthas-riamh-roimhe-seo. Is í an t-aon acmhainn atá ag NASA as Gaeilge.