Anord in Imchuach Eridania
NASA/JPL-Caltech/UArizona
Anord in Imchuach Eridania
ESP_037142_1430
Béarla   

twitter 
Eridania is ainm d’imchuach atá iniata ó thaobh topografaíochta de agus atá suite in ardchríocha deisceartacha Marsa a mhaíodh mar láthair locha mhóir sheanársa nó fharraige intíre.

Tá manglam anordúil caracán réasúnta geal suite ar na réigiúin is ílse d’urláir an imchuach, a bhfuil eiseamláir de san íomhá seo. Cuimsíonn na caracáin seo éagsúlacht mhianraí hiodráitithe a d’fhéadfadh a bheith foirmithe in uisce, ag coimeád eolais, b’fhéidir, mar gheall ar chomhshaol seanársa ináitrithe.

Shil an loch nó an fharraige seo i bpáirt chun Gleann Ma’adim a fhoirmiú, ar cainéal mór é a shil ar a sheal isteach i gCráitéar Gusev lastuaidh de. Thuirling an fánaí Spirit i gCráitéar Gusev i 2004 chun na fosuithe locha a raibh coinne leo a scrúdú, ach fuair urlár an chráitéir clúdaithe le laibhe a bhí níos óige ná an ghníomhaíocht aibhneach.

Is fearr Eridania mar láthair chun fosuithe locha a fháil, ach tá sé ró-gharbh agus baolach do na córais thuirlingthe a sheoladh chuig Mars roimhe seo.

Aistriúchán: Matthew Hussey (Fuaim: Cearbhall Ó Síocháin)

 
Dáta faighte
29 Meitheamh 2014

Am logánta ar Mhars
3:47 PM

Leithead
-36.7°

Fad
177.9°

Fad do láithreán na targaide
254.0 km

Taifeach na híomhá
50.8 cm/pixel tá réada cearnacha timpeall 152 cm trasna léirithe

Scála na híomhá teilgthe
50 cm/pixel

Teilgean cartagrafach
Dronuilleogach (an phicsil is tá an tuaisceart thuas)

Uillinn astaithe
0.3°

Uillinn phais
71.8°

Grianuillinn
72°, agus tá an Ghrian suite 18° céim os cionn na léaslíne

Grianfhad
153.5°, Samhradh tuaisceartach

JPEG
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach
Teilgean neamhchartagrafach

IDG dath:
Teilgean cartagrafach
Teilgean neamhchartagrafach

IDG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach

DGG i gcomhar:
Teilgean neamhchartagrafach

DGG dath:
Teilgean neamhchartagrafach

JP2
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach   (391MB)

IDG dath:
Teilgean cartagrafach   (232MB)

JP2 EXTRAS
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach   (226MB)
Teilgean neamhchartagrafach   (239MB)

IDG dath:
Teilgean cartagrafach   (111MB)
Teilgean neamhchartagrafach   (251MB)

IDG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach   (384MB)

DGG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach   (376MB)

DGG dath:
Teilgean neamhchartagrafach   (227MB)
Eolas breise ar an íomhá
Lipéad dubh is bán
Dath
Lipéad IDG i gcomhar
Lipéad DGG i gcomhar


Íomhánna: Gach íomhánasc le cúltarraingt & sileadh don HiView, nó cliceáil le híoslódáil.

Polasaí Úsáide
Tá na híomhánna go léir, atá táirgthe ag NASA agus insroichte ar an láithreán seo, taobh istigh den bhfearann poiblí: níl aon teorannú ar a n-úsáid ag éinne san saol poiblí, eagraíochtaí nuachta nó eolaíochta san áireamh. Ach iarraimid an líne seo chreidiúna más féidir:
Iomhá: NASA/JPL/Ollscoil Arizona

Addendum
Is é atá i HiRESE ná an ceamara is cumhachtaí riamh a seoladh chuig pláinéad eile. Anois is féidir linn Mars a scrúdú le taifeach dochreidte, nach-bhfacthas-riamh-roimhe-seo. Is í an t-aon acmhainn atá ag NASA as Gaeilge.