Láithreán Féideartha Tuirlingthe i nDroim Aram don bhFánaí ExoMars
NASA/JPL-Caltech/UArizona
Láithreán Féideartha Tuirlingthe i nDroim Aram don bhFánaí ExoMars
ESP_037030_1880
Béarla   

twitter 
Ceann de na gnóthaí tábhachtacha atá ag HiRISE is ea íomhánna ardthaifigh a ghlacadh de láithreáin fhéideartha thuirlingthe i gcomhair mhisin tuirlingthe amach anseo.

San íomhá seo tá an limistéar a dtugtar Droim Aram air (dá ngairtear Clár Oxia, a sheanainm, air freisin) a maíodh don bhFánaí ExoMars 2018/2020, de bhrí go gcuimsíonn sé córas glárach seanársa a ardaíodh aníos.

Tá gá le híomháú chun faichí ollcharraigeacha is baic eile a bhraith, chomh maith le húdar maith eolaíoch a chinntiú le haghaidh láithreán a roghnú. Is cuid amháin an íomhá seo de rud a dtugtar steiréibhreathnú air, mar a ligeann radharc, ag uillinn eile ó fhithis eile, den limistéar céanna, samhail thríthoiseach (samhail dhigiteach an réimse talún) a ullmhú. Leis an samhail seo, is féidir tomhais chruinne na bhfánaí a dhéanamh. Bíodh is nach léireoidh sí seo an córas glárach a ardaíodh aníos, is gá na híomhánna den limistéar chun an láithreán tuirlingthe a shainniú.

Cuimsíonn príomhíomhá an Droim Aram cráitéar tuinsimh réasúnta úrnua le trastomhas 150 méadar is le mulláin ghaolmhara. Freisin léiríonn an chuid bheag seo (cearnóg 1 chiliméadar) comharthaí cnaí ina ardchlár atá ina luí anuas, chomh maith le foirmiú úrnua trasmhullach gaothach (a dtugtar TAR orthu ó na túslitreacha Béarla) taobh istigh den ghleann comhthorthach. Den chuid is mó, áfach, is beag bac atá san láithreán seo d’árthach tuirlingthe.

Aistriúchán: Matthew Hussey (Fuaim: Cearbhall Ó Síocháin)
 
Dáta faighte
20 Meitheamh 2014

Am logánta ar Mhars
3:30 PM

Leithead
7.8°

Fad
348.5°

Fad do láithreán na targaide
292.5 km

Taifeach na híomhá
29.3 cm/pixel tá réada cearnacha timpeall 88 cm trasna léirithe

Scála na híomhá teilgthe
25 cm/pixel

Teilgean cartagrafach
Dronuilleogach (an phicsil is tá an tuaisceart thuas)

Uillinn astaithe
20.6°

Uillinn phais
71.9°

Grianuillinn
52°, agus tá an Ghrian suite 38° céim os cionn na léaslíne

Grianfhad
149.0°, Samhradh tuaisceartach

JPEG
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach
Teilgean neamhchartagrafach

IDG dath:
Teilgean cartagrafach
Teilgean neamhchartagrafach

IDG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach

DGG i gcomhar:
Teilgean neamhchartagrafach

DGG dath:
Teilgean neamhchartagrafach

JP2
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach   (1099MB)

IDG dath:
Teilgean cartagrafach   (624MB)

JP2 EXTRAS
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach   (590MB)
Teilgean neamhchartagrafach   (483MB)

IDG dath:
Teilgean cartagrafach   (201MB)
Teilgean neamhchartagrafach   (443MB)

IDG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach   (251MB)

DGG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach   (258MB)

DGG dath:
Teilgean neamhchartagrafach   (410MB)
Eolas breise ar an íomhá
Lipéad dubh is bán
Dath
Lipéad IDG i gcomhar
Lipéad DGG i gcomhar


Íomhánna: Gach íomhánasc le cúltarraingt & sileadh don HiView, nó cliceáil le híoslódáil.

Polasaí Úsáide
Tá na híomhánna go léir, atá táirgthe ag NASA agus insroichte ar an láithreán seo, taobh istigh den bhfearann poiblí: níl aon teorannú ar a n-úsáid ag éinne san saol poiblí, eagraíochtaí nuachta nó eolaíochta san áireamh. Ach iarraimid an líne seo chreidiúna más féidir:
Iomhá: NASA/JPL/Ollscoil Arizona

Addendum
Is é atá i HiRESE ná an ceamara is cumhachtaí riamh a seoladh chuig pláinéad eile. Anois is féidir linn Mars a scrúdú le taifeach dochreidte, nach-bhfacthas-riamh-roimhe-seo. Is í an t-aon acmhainn atá ag NASA as Gaeilge.