Dromchla Oighreach Caipín an Mhoil Thuaidh
NASA/JPL-Caltech/UArizona
Dromchla Oighreach Caipín an Mhoil Thuaidh
ESP_036867_2655
Béarla   

twitter 
Ag Mol Thuaidh Marsa tá cruinneachán sraitheanna oighreacha suas le 2 chiliméadar ar thiús, atá cosúil go garbh leis na hoighearchaidhpeanna sa Ghraonlainn nó san Aigéan Antartach.

Bíodh is nach bhfuil sé infheicthe anseo, tá umair bhíseacha thréitheacha gearrtha sa chruinneachán agus léiríonn siad seo na hoird shraitheanna a meastar a fhreagraíonn do na coinníolacha athraitheacha aeráide thar an am nuair a bhí siad á ndeacsadh ar dtús. Is íomhá í seo de limistéar ar dhromchla uachtarach an chruinneacháin mholaigh idir na humair - plánaí cothroma, ollmhóra, míne den chuid is mó, comhdhéanta as sraitheanna tanaí oighear uisce an-íon. Léiríonn an íomhá seo freisin go bhfuil uigeacht gharbh ag an sraith thanaí oighir seo, comhdhéanta as cnapanna, mullaí, is logáin ar scála 1 - 10 mhéadar.

Táthar ar éigin tosaithe ar an uigeacht seo a scrúdú le hacmhainní ardtaifigh HiRISE - athraíonn mionphointí na huigeachta thart ar an gcaipín molach, ach níl sé soiléir fós céard atá taobh thiar den athrú. Tá dhá airí san íomhá seo a bhfuil suim ar leith ag baint leo. Ceann amháin díobh seo is ea go n-íslíonn an dromchla isteach i logán i dtreo an taoibh thiar theas, mar a fhéachann sé go n-athraíonn uigeacht an dromchla oighrigh. Is é an ceann eile go bhfuil briseadh nó slabhra poll sa taobh thoir theas, airí a tharlaíonn go hannamh.

Is tábhachtach iad gile, comhdhéanamh, uigeacht, agus airíonna mionscála na sraith oighir seo a chlúdaíonn an chuid is mó den chruinneachán molach, de bhrí go bhfágann siad rian ar an gcothromaíocht áitiúil fhuinnimh (ar an méid de sholas na gréine a fhrithchaitear is a ionsúitear, mar shampla), agus fágann sé sin rian ar an aeráid ar fud limistéar an mhoil agus ar chobhsaíocht an oighir.

Aistriúchán: Matthew Hussey

 
Dáta faighte
08 Meitheamh 2014

Am logánta ar Mhars
1:06 PM

Leithead
85.6°

Fad
77.4°

Fad do láithreán na targaide
317.4 km

Taifeach na híomhá
31.8 cm/pixel tá réada cearnacha timpeall 95 cm trasna léirithe

Scála na híomhá teilgthe
25 cm/pixel

Teilgean cartagrafach
>molach steiréagrafach

Uillinn astaithe
0.1°

Uillinn phais
70.9°

Grianuillinn
71°, agus tá an Ghrian suite 19° céim os cionn na léaslíne

Grianfhad
142.6°, Samhradh tuaisceartach

JPEG
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach
Teilgean neamhchartagrafach

IDG dath:
Teilgean cartagrafach
Teilgean neamhchartagrafach

IDG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach

DGG i gcomhar:
Teilgean neamhchartagrafach

DGG dath:
Teilgean neamhchartagrafach

JP2
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach   (970MB)

IDG dath:
Teilgean cartagrafach   (525MB)

JP2 EXTRAS
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach   (593MB)
Teilgean neamhchartagrafach   (452MB)

IDG dath:
Teilgean cartagrafach   (289MB)
Teilgean neamhchartagrafach   (386MB)

IDG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach   (247MB)

DGG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach   (239MB)

DGG dath:
Teilgean neamhchartagrafach   (328MB)
Eolas breise ar an íomhá
Lipéad dubh is bán
Dath
Lipéad IDG i gcomhar
Lipéad DGG i gcomhar


Íomhánna: Gach íomhánasc le cúltarraingt & sileadh don HiView, nó cliceáil le híoslódáil.

Polasaí Úsáide
Tá na híomhánna go léir, atá táirgthe ag NASA agus insroichte ar an láithreán seo, taobh istigh den bhfearann poiblí: níl aon teorannú ar a n-úsáid ag éinne san saol poiblí, eagraíochtaí nuachta nó eolaíochta san áireamh. Ach iarraimid an líne seo chreidiúna más féidir:
Iomhá: NASA/JPL/Ollscoil Arizona

Addendum
Is é atá i HiRESE ná an ceamara is cumhachtaí riamh a seoladh chuig pláinéad eile. Anois is féidir linn Mars a scrúdú le taifeach dochreidte, nach-bhfacthas-riamh-roimhe-seo. Is í an t-aon acmhainn atá ag NASA as Gaeilge.