Ag Caomhnú Oighir ó Réimse Talún atá Imithe as Radharc
NASA/JPL-Caltech/UArizona
Ag Caomhnú Oighir ó Réimse Talún atá Imithe as Radharc
ESP_036815_2330
Béarla   

twitter 
Léiríonn an íomhá ón HiRISE rud a dtugtar cráitéar aonchoise air, ainmnithe mar sin de bhrí go bhfuil leibhéal an dromchla i ngar don chráitéar ardaithe i leith an réimse talún mórthimpeall air.

Tá patrúin ar an dromchla ardaithe agus imlíne ghinearálta aige cosúil lena d’fhéachfadh eisteilgeáin tar éis iad a bheith teilgthe amach ón gcráitéar ag an tuinseamh. Is dócha gur tharla an tuinseamh nuair a bhí dromchla an radhairc iomláin ag leibhéal an dromchla ardaithe. Thuirling na heisteilgeáin ar chuid den dromchla i ngar don chráitéar. Ansin bhain próiseas cnaíte ábhar chun siúil ón gcuid eile den radharc, le linn don limistéar mórthimpeall an chráitéir a bheith cumhdaithe ag na heisteilgeáin thuinsimh, rud a chosain an talamh faoi ón gcnaí is a choimeád ard í.

Is féidir go raibh oighear san réimse talún cnaíte, nó “imithe as radharc”, sa chuid eile den radharc. Maíonn idir cruthanna maothánacha ag bun na n-eisteilgeán ardaithe agus polagóin (atá infheicthe nuair a ghéarardaítear an íomhá) ar an dromchla gur féidir go raibh, nó go bhfuil fós, oighear ann. Is neamhshiméadrach patrún na n-eisteilgeán timpeall ar an gcráitéar, rud a mhaíonn gur féidir gur imbhuail an t-imbhuailteoir an talamh ón taobh thoir thuaidh.

Aistriúchán: Matthew Hussey

 
Dáta faighte
04 Meitheamh 2014

Am logánta ar Mhars
3:19 PM

Leithead
52.5°

Fad
93.3°

Fad do láithreán na targaide
305.4 km

Taifeach na híomhá
ó 30.6 cm/pixel go dtí 61.1 cm/pixel

Scála na híomhá teilgthe
25 cm/pixel

Teilgean cartagrafach
Dronuilleogach (an phicsil is tá an tuaisceart thuas)

Uillinn astaithe
2.9°

Uillinn phais
56.6°

Grianuillinn
54°, agus tá an Ghrian suite 36° céim os cionn na léaslíne

Grianfhad
140.6°, Samhradh tuaisceartach

JPEG
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach
Teilgean neamhchartagrafach

IDG dath:
Teilgean cartagrafach
Teilgean neamhchartagrafach

IDG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach

DGG i gcomhar:
Teilgean neamhchartagrafach

DGG dath:
Teilgean neamhchartagrafach

JP2
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach   (501MB)

IDG dath:
Teilgean cartagrafach   (347MB)

JP2 EXTRAS
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach   (245MB)
Teilgean neamhchartagrafach   (175MB)

IDG dath:
Teilgean cartagrafach   (95MB)
Teilgean neamhchartagrafach   (223MB)

IDG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach   (159MB)

DGG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach   (152MB)

DGG dath:
Teilgean neamhchartagrafach   (213MB)
Eolas breise ar an íomhá
Lipéad dubh is bán
Dath
Lipéad IDG i gcomhar
Lipéad DGG i gcomhar


Íomhánna: Gach íomhánasc le cúltarraingt & sileadh don HiView, nó cliceáil le híoslódáil.

Polasaí Úsáide
Tá na híomhánna go léir, atá táirgthe ag NASA agus insroichte ar an láithreán seo, taobh istigh den bhfearann poiblí: níl aon teorannú ar a n-úsáid ag éinne san saol poiblí, eagraíochtaí nuachta nó eolaíochta san áireamh. Ach iarraimid an líne seo chreidiúna más féidir:
Iomhá: NASA/JPL/Ollscoil Arizona

Addendum
Is é atá i HiRESE ná an ceamara is cumhachtaí riamh a seoladh chuig pláinéad eile. Anois is féidir linn Mars a scrúdú le taifeach dochreidte, nach-bhfacthas-riamh-roimhe-seo. Is í an t-aon acmhainn atá ag NASA as Gaeilge.