TARaí atá i mBandaí in Iapygia
NASA/JPL-Caltech/UArizona
TARaí atá i mBandaí in Iapygia
ESP_020782_1610
Béarla   

twitter 
Is coiteann go mbíonn trópaicí Marsa in gcosair-easair le tonnáin bheaga gheala a chruthaíodh ar bhealach éigin ag an ngaoth. Tugtar “trasmhullaí gaothacha” (nó TARaí ó na túslitreacha Béarla) ar na gnéithe seo a sheasann suas le 6 mhéadar in airde is atá scartha cúpla deich méadar óna chéile. Bíonn siad treoshuite de réir cineáil go trasnach le treonna nua-aoiseacha na gaoithe, agus faightear iad go minic i gcainéil is taobh istigh de chráitéir. Ní heol fós céard iad na próisis a chruthaíonn na gnéithe seo. Ní Iéiríonn an chuid is mó de na TARaí aon fhianaise de struchtúr inmheánach, agus mar sin is deacair conas a fhoirmíodh iad a thabhairt chun grinnis go beacht.

Míniú amháin a d’fhéadfadh a bheith ar an srathú aisteach seo is ea go ndearnadh na TARaí ar leith seo as sraitheanna dingchruthacha, mar a léirítear sa trasghearradh scéimreach a thaispeánann struchtúr infeirithe na dTARaí. Dá m’fhíor an hipitéis seo, chiallódh sé gur fhás na tonnáin go hingearach thar am, de réir mar a d’fhuill ábhar ar bharra na n-iomairí. Mhaífeadh sé freisin gur thug na fánaí atá i mbandaí a n-aghaidheanna i gcoinne na gaoithe.

Is féidir go gcuirfeadh an breathnú seo leid luachmhar ar fáil d’fhoirmiú TARaí in áiteanna eile ar Mhars, má tá struchtúr inmheánach den saghas céanna acu nach féidir a fheiscint de bhrí go bhfuil siad comhdhéanta as ábhair aonchineálacha de dhath aonfhoirmeach.

Aistriúchán: Matthew Hussey (Fuaim: Cearbhall Ó Síocháin)
 
Dáta faighte
01 Eanáir 2011

Am logánta ar Mhars
3:39 PM

Leithead
-18.7°

Fad
62.6°

Fad do láithreán na targaide
259.1 km

Taifeach na híomhá
25.9 cm/pixel tá réada cearnacha timpeall 78 cm trasna léirithe

Scála na híomhá teilgthe
25 cm/pixel

Teilgean cartagrafach
Dronuilleogach (an phicsil is tá an tuaisceart thuas)

Uillinn astaithe
2.5°

Uillinn phais
55.5°

Grianuillinn
53°, agus tá an Ghrian suite 37° céim os cionn na léaslíne

Grianfhad
209.4°, Fómhar tuaisceartach

JPEG
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach
Teilgean neamhchartagrafach

IDG dath:
Teilgean cartagrafach
Teilgean neamhchartagrafach

IDG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach

DGG i gcomhar:
Teilgean neamhchartagrafach

DGG dath:
Teilgean neamhchartagrafach

JP2
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach   (837MB)

IDG dath:
Teilgean cartagrafach   (378MB)

JP2 EXTRAS
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach   (370MB)
Teilgean neamhchartagrafach   (510MB)

IDG dath:
Teilgean cartagrafach   (138MB)
Teilgean neamhchartagrafach   (369MB)

IDG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach   (202MB)

DGG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach   (192MB)

DGG dath:
Teilgean neamhchartagrafach   (369MB)
Eolas breise ar an íomhá
Lipéad dubh is bán
Dath
Lipéad IDG i gcomhar
Lipéad DGG i gcomhar


Íomhánna: Gach íomhánasc le cúltarraingt & sileadh don HiView, nó cliceáil le híoslódáil.

Polasaí Úsáide
Tá na híomhánna go léir, atá táirgthe ag NASA agus insroichte ar an láithreán seo, taobh istigh den bhfearann poiblí: níl aon teorannú ar a n-úsáid ag éinne san saol poiblí, eagraíochtaí nuachta nó eolaíochta san áireamh. Ach iarraimid an líne seo chreidiúna más féidir:
Iomhá: NASA/JPL/Ollscoil Arizona

Addendum
Is é atá i HiRESE ná an ceamara is cumhachtaí riamh a seoladh chuig pláinéad eile. Anois is féidir linn Mars a scrúdú le taifeach dochreidte, nach-bhfacthas-riamh-roimhe-seo. Is í an t-aon acmhainn atá ag NASA as Gaeilge.