Íomhánna Cóiméid C/2013 A1 Taobhlach an Earraigh
Íomhánna Cóiméid C/2013 A1 Taobhlach an Earraigh

Rinne an cóiméad Taobhlach an Earraigh i Scamall Oort a thrasnú ba ghiorra do Mhars agus don bhFithiseoir Taiscéalaíochta ar Mhars, Dé Domhnaigh, 19 Deireadh Fómhair 2014. Ghlac HiRISE seilbh ar na híomhánna leis an taifeach is airde ag an íosfhad de 138,000 ciliméadar. Is é scála na híomhá ná 138 méadar in aghaidh an phicsil.

Shamhaltaigh na breathnóirí teileascóip gurb é toise an núicléis ná timpeall 1 chiliméadar trasna. Léiríonn na híomhánna is fearr ó HiRISE 2-3 phicseal ar éigin trasna na tréithe is gile, rud a mhaíonn toise níos lú ná 0.5 ciliméadar don núicléas seo, an chéad cheann riamh a íomháíodh i gcás cóiméid fhadthréimhsigh.

Léiríonn an íomhá ilchodach seo dhá cheann de na híomhánna is fearr den chóiméad ó HiRISE. Léirítear ar barr íomhánna leis an raon iomlán dinimiciúil, leis an núicléas agus an coma geal i ngar don núicléas le feiscint. Léirítear faoi bhun leaganacha mar a bhfuil an coma fann seachtrach gealta, rud a sháithíonn an réigiún inmheánach.

Bhí na híomhánna íosfhaid seo indéanta mar thoradh ar díriú is rothlú cruinn an spásárthaigh MRO ag na hinnealtóirí i Lockheed-Martin i Denver, bunaithe ar áirimh ionaid an chóiméid déanta ag na hinnealtóirí ag JPL (Saotharlann Scairthiomána). Ghlac HiRISE seilbh ar thrí íomhá 12 lá roimh an íosteacht, nuair nach raibh an cóiméad ar éigin inbhraithe os cionn ?leibhéal an torainn? sna híomhánna. Léirigh na híomhánna luatha sin nach raibh an cóiméad ag a ionad réamhinste amach is amach! Baineadh feidhm as an uillinn nua radhairc seo chun a ionad is a am réamhinste a uasdátú ag an íosteacht. Muna raibh an t-uasdátú seo ar fáil b?fhéidir go mbeadh an cóiméad taobh amuigh de limistéar íomháithe HiRISE sna híomhánna is fearr.

Scríofa ag: Alfred McEwen
Aistriúchán: Matthew Hussey

Creidiúint do: NASA/JPL/Ollscoil Arizona