Céard é HiRISE?
Is éard atá san HiRISE (Turghamh Eolaíoch Íomháú Ardtaifigh) ná an ceamara is cumasaí a seoladh riamh chuig pláinéad eile. Lainseálamar é i 2005,
shroich sé Mars i 2006 agus le linn deich mbliana thógamar níos mó ná 50,000 íomhá den Phláinéad Dearg, le mionsonraí dochreidte.
Chabhraíomar le misin eile (Féinics, Saotharlann Eolaíoch Mharsa) chun ionaid thuirlingthe a roghnú, chonaiceamar maidhmeanna sléibhe
gníomhacha agus chabhraíomar i ndearbhú go bhfuil méideanna ollmhóra uisce reoite faoin dromchla.
An Tionscnamh Marsa Álainn
Creidimid gur le gach aon duine ar domhan an t-eolas ar Mhars, agus mar sin chuireamar tús leis an “Tionscnamh Marsa Álainn” chun cabhrú le daoine
foghlaim mar gheall ar an bPláinéad Dearg ina dteangacha féin.
Is é HiRISE an t-aon mhisean amháin de chuid NASA le hacmhainn as Gaeilge. Má tá spéis agat do chabhair dheonach a chur ar fáil,
déan teagmháil linn!